Teach Chumann Tinte Ifrinn

Tá an Hell Fire Club le feiceáil go sonrach ar bharr Mountpelier, ceann de shléibhte Bhaile Átha Cliath, atá 383 méadar os cionn na farraige. Bhí tuamba pasáiste ar an mbarr, a tógadh san aois Neoiliteach, go dtí gur baineadh as a chéile é sa bhliain 1725 chun an teach Ifreanda a thógáil.

Ba é William Connolly, duine de na daoine ba shaibhre in Éirinn agus ceann chomhairle na sean-pharlaiminte, a thóg an teach mar theach seilge ar bharr an tsléibhe. Bhí teach mór aige i mBaile Átha Cliath agus pálás faoin dtuaith i mBaile an Chaisleáin, gar do Chill Droichid.

Tar éis dó ballaí an tí seilge a thógáil as clocha an chairn, chuir se díon breá slinne ar a bharr. Nuair a scrios stoirm ghaoithe an díon dúirt muintir na h-áite gurbh é obair an diabhail é, mar chúiteamh ar an gcarn seanda a bhaint as a chéile. Bhí drochcháil ar an áit as sin amach. Thóg Connolly díon boghta cloiche in ionad an dín slinne.

Bhí dhá sheomra móra agus halla ar urlár uachtarach an tí. Bhí lochta beag os cionn an pharlúis agus an halla. Bhí céimeanna suas go dtí doras an halla. Ar leibhéal na talún bhí seomra do na searbhóntaí agus seomraí beaga eile. Bhí na fuinneoga go léir ar an taobh thuaidh den teach agus bhí radharc álainn uathu ar Bhaile Átha Cliath.

Fuair Connolly bás i 1729. Fágadh an teach seilge tréigthe ar feadh tamaill go dtí gur thóg an Hell Fire Club ina seilbh é.

Bunaíodh Clubanna Tinte Ifrinn san ochtú aois déag agus tharraing siad drochcháil orthu féin de bharr mí-iompar agus drabhlás. Bhunaigh Richard Parsons, céad Iarla Rosse, an Cumann Tinte Ifrinn i mBaile Átha Cliath i 1735. Tugtaí 'Rí Ifrinn' ar uachtarán an chumainn. Ghléasadh sé mar Shátan, adharca móra agus sciatháin air agus é crúbscoilte. Bhí sé de nós acu an leas-chathaoir a fhágáil folamh le haghaidh an diabhal agus a shláinte sin a ól ar dtús.

Cuireadh barraíocht óil agus ragairne i leith na gclubanna seo. D'óltaí neart scailtín (meascán fuisce agus im te) le linn cruinnithe an Cumann Tinte Ifrinn. Luaitear sa leabhar Malachi Horan Remembers go mbíodh scailtín i gcónaí ar fáil sa Jobstown Inn.

Insítear scéal eile faoi fheirmeoir óg as Bóthar na Bruíne agus an Cumann Tinte Ifrinn: Le teann fiosrachta chuaigh sé suas an sliabh, oíche amháin, féachaint céard a tharlaíodh ag cruinnithe an chumainn. Tugadh faoi deara é agus mealladh isteach sa teach é le go bhfeicfeadh sé imeachtaí na hoíche. Thángthas air lá arna mhárach agus é ar sheachrán. Bhí mearbhall air agus é ina bhalbhán. Deirtear gur mar sin a chaith sé an chuid eile dá shaol.

Gallery

An Cat Dubh

Insítear scéalta eile faoin gclub. Ar na scéalta sin tá ceann faoi chat dubh.

Bhí fear óg ar saoire i dteach feirme i gcomharsanacht an chluib, tráth. Theastaigh uaidh an teach ifreanda a iniúchadh. D'imigh sé leis. Thángthas ar a chorp an lá dar gcionn. Bhí an fear óg ina luí, béal faoi, i gcaise sléibhe. Bhí an feirmeoir, lena raibh sé ag fanacht, den tuairim gur dúnmharaíodh é. D'iarr sé ar shagart dul in éineacht leis go dt an Hell-Fire Club. Nuair a shroich siad an club bhí an clapsholas ann.

Bhuail siad ar an doras. D'oscail fear ard, a raibh clóca dubh air é. Chuaigh siad isteach sa teach agus sracadh isteach sa seomra bí iad. Bhí féasta ar tí tosnú agus brúdh an bheirt acu isteach i gcathaoireacha.

Fad is a bhí sé seo ar siúl, shiúil cat dubh maorga go h-uaibhreach isteach sa seomra. Shuigh sé ag ceann an bhoird. Thug an sagart faoi deara nach raibh cluasa an chait ina seasamh ar a chloigeann mar ba chóir. Bhí siad ina luí ar dhá thaobh a chinn fhíochmhair. Bhí nimh sna súile aige don sagart. D'éirigh an sagart agus chuaigh i dtreo an dorais. Rugadh greim air agus cuireadh ar ais sa chathaoir é. Chuimhnigh sé go raibh buidéal uisce coisricthe aige ina phóca. Theilg sé an buidéal i dtreo an chait agus, ag an am céanna, d'aithris paidir eacsaircisteach amach ós ard.

Go tobann, bhí an áit ina chíor thuathail. Cloiseadh scréach uafásach, scanraitheach ón bhfeirmeoir. Lean an sagart air ag guí, go dtí gur chuir boladh sulfair agus deataigh iachall air imeacht as an teach. Fuair sé an feirmeoir roimhe ar an dtalamh taobh amuigh. Bhí a aghaidh agus a mhuineál scrabhaithe go dona ag crúba an chait. Níor tháinig an fear chuige féin go hiomlán, riamh, ina dhiaidh sin. Mar a insítear an scéal bhí an teach ifreanda dóite, agus é ina fhothrach, ar bharr an chnoic an mhaidin dar gcionn agus is mar sin atá sé go dtí an lá inniu féin.


previousPrevious - Teach Seanbhábhún
Next - Scéaltaí Taibhsí Corcachnext