Litríocht na Gaeilge
Ard Fheis 1902
Leathanach teidil do Árd Fheis 1902 ag tabhairt teideal agus eolas ábharthach, ainm an foilsitheoir agus suaitheantais an foilsitheoir.
Courtesy of Galway County LibraryArd Fheis 1902
Leathanach teidil do Árd Fheis 1902 ag tabhairt teideal agus eolas ábharthach, ainm an foilsitheoir agus suaitheantais an foilsitheoir.
Courtesy of Galway County LibrarySeadna01
Aged original cover of 'Seadna' with title in bold print, author, price and publisher, surrounded by a decorative border
Public DomainSeadna01
Aged original cover of 'Seadna' with title in bold print, author, price and publisher, surrounded by a decorative border
Public DomainNuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge ag deireadh an 19ú haois, ceann de na príomhaidhmeanna bhí aige ná tús a chur le litríocht nua sa Ghaeilge. Ní beag an obair san. Ní raibh aon chaighdeán litrithe ná gramadaí ag an teanga san am agus bhí an chuid is mó de na cainteoirí dúchais gan léamh ná scríobh na Gaeilge cé go raibh siad oilte i dtraidisiún béil a bhí an-saibhir. Chomh maith leis sin bhí na cineálacha litríochta a tháinig chun cinn i dteangacha eile na hEorpa ón 18ú haois ar aghaidh, mar shampla an t-úrscéal, in easnamh sa Ghaeilge.
Cuireadh tús freisin le traidisiúna drámaíochta sa Ghaeilge. Dubhghlás de hÍde a scríobh Casadh an tSúgáin, an chéad dráma Gaeilge a léiríodh den chéad uair in Amharchlann an Gaiety i mBaile Átha Cliath i 1901. Nuair a bunaíodh an stát tugadh tacaíocht oifigiúil do fhoilsitheoireacht sa Ghaeilge. Bunaíodh An Gúm, foilsitheoir oifigiúil an Stáit. D'aistrigh An Gúm cuid mhaith de chlasaicí an Bhéarla agus na hEorpa go Gaeilge.
Foilsíodh gach cineál litríochta i nGaeilge sna triochaidí is sna daichidí, litríocht seánra, gearrscéalta, filíocht, drámaí aonghnímh agus thar aon rud eile, dírbheathaisnéisí. Baineann na cinn is cáiliúla díobh san leis na Blascaoid: An tOileánach le Tomás Ó Criomhthainn; Machnamh Seanmhná le Peig Sayers; agus Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin.
Ba í an fhilíocht an fhoirm liteartha ba thábhachtaí sa ré iarchogaidh. Airítear trí mhórfhile ar an nglún sin, Máirtín Ó Direáin, Seán Ó Ríordáin agus Máire Mhac an tSaoi. An Ríordánach an duine ba ghaire ó thaobh meitifisice de dá chomhfhilí Eorpacha.
Deoraidheacht01
Title page of 'Deoraidheacht' showing title in bold print, name of author, publishers and publishers emblem.
Public DomainDeoraidheacht01
Title page of 'Deoraidheacht' showing title in bold print, name of author, publishers and publishers emblem.
Public DomainNíl aon amhras ach gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir próis ba mhó sa tréimhse chéanna. Áirítear Cré na Cille, suite i reilig i gCois Fharraige, áit dhúchais an Chadhnaigh, mar tour de force ar mhórshaothar próis na Nua-Ghaeilge é.
Tá bláthú agus borradh faoi litríocht na Gaeilge i gcónaí. Tá an fhoisitheoireacht go beo beathaíoch ag foisiú teideal de gach cineál. Agus de bharr a saothar a bheith ar fáil in aistriúcháin tá scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge níos feiceálaí ná mar a bhí siad riamh, ní hamháin in Éirinn ach thar lear freisin.
Tá an fhilíocht ar an bhfoirm liteartha is saothraithe sa Ghaeilge, b'fhéidir, agus is mó cáil. Tháinig glún nua filí ar an bhfód sna 1970aí atá fós i mbarr a réime. Filí Innti a thugtar orthu go minic. Orthu san tá Nuala Ní Dhomhnaill, Micheal Davitt, Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock. Baineann an file Conallach Cathal Ó Searcaigh leis an nglún seo freisin. Filí eile a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo ná Louis de Paor, Biddy Jenkinson, Áine Ní Ghlinn agus an file Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn. Is í Nuala Ní Dhomhnaill an file Gaeilge is mó le rá ar fad. Tá a saothar aistrithe go mórán teangacha.
I measc na scríbhneoirí próis tá Joe Steve Ó Neachtain, Pádraig Breathnach, Seán Mac Mathúna, Pádraig Ó Cíobháin agus Micheál Ó Conghaile. Antaine Ó Flaithearta an drámadóir is mó cáil sa Ghaeilge, b'fhéidir.
Upload to this page
Add your photos, text, videos, etc. to this page.
Map Search
Content
Life & Society
- Life & Society in Ireland
- Irish Language & Legends
- Ceachtanna Gaeilge: Modúil 1-10
- Feature: Stair na Gaeilge
- An Cheathrú Rua
- Bailiúchán Samuel L. Mac Guidhir
- Cúchullain and Emer
- Ghost Stories of Dublin
- Molly Malone: A Dublin Legend
- Myths and Legends of South County Dublin
- Social Irish in Dublin
- Story Telling
- Derdriu and the Exile of the Sons of Uisliu
- The Long Life of Tuan McCarrell
- The Salmon of Knowledge
- An Táin Bó Cuailgne: The Cattle-Raid of Cooley
- Science & Technology
- Traditions and Customs
- Traditional Irish Cooking
- Families in History
- Farming in Ireland
- Ireland: Changing Times
- Ireland and the EU
- Irish Language Learning