Béaloideas Chonnacht

Sgéalta na nOileán

Scéalta agus Dréachta

Peadar Ó Direáin.

Muintir C.S. Ó Fallamhain, 1929, 135 leathanach.

B'as Ceantar na nOileán do'n údar agus tá an leabhar seo bainteach leis an gceantar sin. Tá scéalta beaga ón mBéaloideas, aistí, an saol i Leitir Mealláin le linn an údair agus roimhe sin. Tá scéalta faoina daoine maithe ann freisin.

Ceól Na n-Oileán

An tAthair Tomás Ó Ceallaigh a chruinnigh. Micheál Ó Craidhin, B.A., B.Com., U.C.G., a chuir nóta leis.

Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 5 Sráid Thobair Phádraig, B.Á.C., 1935, 192 leathanach.

Tá seachtó agus a seacht amhrán ina iomlán sa leabhar seo, bheadh go leor acu ar eolas ag daoine as Conamara, mar is ansin a bhailigh an t-Athair Ó Cheallaigh iad ar fad. Bhailigh sé amhráin in áiteacha ar nós Beal an Dainginn, An Trá Bháin agus An Cheathrú Rua. I measc na n-amhrán tá 'An Bunnán Buí', 'Úna Bhán' agus go leor eile.


previousPrevious - Árd Fheiseanna Chonradh na Gaeilge (1903-21) II
Next - Béaloideas Ghineráltanext