Ilgnéitheach

Féilire na Gaedhilge 1907

An Buachaillín Buidhe

Connradh na Gaedhilge, 1906, 32 leathanach.

Leabhar suimiúil í seo ina bhfuil féilire do na blianta 1907 agus 1908 chomh maith le go leor eolais eile: dataí móra staire, urdhubhtha na gréine agus na gealaí do 1907, dátaí ar a bhfuair daoine ar nós Colm de Bhailís bás, eolas faoi Chonradh na Gaedhilge agus ainmneacha na n-údar a bhí ag scríobh ag an am i nGaeilge. Tá seanfhocal ag bun gach leathanach agus tá an leathanach teidil an-deas.

Féilire na Gaedhilge 1908

Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1907

Cuir síos i mbliana ar Chonnradh na Gaeilge ó na bhun go dtí a bharr.

Tá muid á éileamh ar ár leitheoirí dataí nua a chur chugainn. Is minic a fheicimíd giotaí ins na paipéir Ghaelacha ag trácht ar bhás Ghael eicint, ach ní bhíonn an dáta le na chois. Ná bíodh aon scáthmhaireacht oraibh cháirde croí, ach scríobh chugainn go dtí Árd Oifig an Chonartha.

Dataí, sean ráitis fheiliúnach, fíor-scéalta, teastaíonn siad seo uile i gcónaí uainn.

Eachtra Múinteora

Loch Measca (Seán Seoighe) a scríobh

Muintir C.S. Ó Fallamhain, Teo., 1929, 100 leathanach.

Tugann an leabhar seo léargas ar shaol fir a bhíodh ag taisteal ar rothar. Bhíodh sé de shíor ag scaipeadh soiscéal Chonradh na Gaeilge.
 

An Chraobh Ruadh

Irisleabhar Chonnartha na Gaedhilge.

Árd Sgoile Ultaighe, Béal-Feirsde. 1913. 102 leathanach.

Seo an chéad eagrán d'irisleabhar Chonradh na Gaeilge a chuir muintir na h-Árd-Scoile Ultaigh amach. Tá aistí gearra i nGaeilge agus i mBéarla ann agus tá dánta chomh maith. San eagrán seo tá aiste Béarla leis an bPiarsach faoi Scoil Éanna. Tá aiste eile scríofa ar Ann Tracy, amhránaí ó Chúige Uladh a fuair bás, le Carl G. Hardebeck. Tá na pictiúir san irishleabhar seo go h-an -deas, go h-áiríthe an ceann do laoch ar an leathanach teidil. Leabhar spéisiúil.

Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil (Cuid a h-Aon)

Eoghan Ó Neachtain

M.H. Mac Goill & a Mhac, teo., 1910, 238 leathanach.

Ar bhord an ghaltáin 'Shearwater K' i gCuan Bhaile Átha Cliath, ar bhord an ghaltáin cogaidh an Scourge, ar bhord an long priosúin an Dromedary i mBermuda, ar bhord long na ndaor an Neptune. San leabhar seo tá caibilil a h-aon go dtí a h-ocht. (Féach cuid a dó den teideal céanna).

Irisleabhar Priosúin Sheáin Mhistéil (Cuid a Dó)

Ó lámh Sheáin Mhistéil

Iar na chur i nGaedhilge do Éoghan Ó Neachtain 1936, 334 leathanach.

Ar bhord an ghaltáin Shearwater i gCuan Bhaile Átha Cliath, ar bhord an ghaltáin cogaidh an Scourge, ar bhord an long priosúin an Dromedary i mBermuda, ar bhord long na ndaor an Neptune. Ó chaibidil a naoi go críoch an Irisleabhair. Féach cuid a haon den teideal céanna.


previousPrevious - Úrscéalta V
Next - Ilgnéitheach IInext