Drámaí

Aintioghoiné

Sofoicléas, Pádraig de Brún a d'aistrigh 1926, 43 leathanach.

Aistriúchán ón nGréigis ar an dráma álainn, cáiliúil le Sofoicléas atá sa saothar seo le Pádraig de Brún. Tá clúdach deas ar an leabhar. Tá an cóip seo sínithe ag Pádraig de Brún.

Cléibhin Móna

Cléibhin Móna01

Séamus Ua Dubhghall, M.H. Guill & a Mhac, Teo. 1907, 76 leathanach

Scéalta, cuid acu i bhfoirm cómhrá agus dráma atá sa leabhar seo a bheadh feiliúnach do scoláirí. Tá foclóir leis an leabhar.

 

Maistín an Bheurla (Drama Éin-Ghnímh)

Dubhghlas de hÍde (An Craoibhín)

Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 5, Staid Thobair Phádraig, B.Á.C., 32 leathanach.

Tá ordú tugtha ag na h-údaráis don Mhaistín, an Ghaeilge a mharú agus na gasúir a bheith ag labhairt Béarla taobh istigh de thrí mhí. Tagann bean óg, Baintighearna Dromanóir chun cónaí san áit . Tá sise ar thaobh na Gaeilge, ach, is maistín ceart é Maistín an Bhéarla.

An Bealach Buidhe

An t-Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach, S.P.

Muintir na Leabhar Gaedhilge, 6 Sráid d'Olier. 1906, 32 leathanach.

Gaeil V Gaill. Aodh Ruadh Ua Dómhnaill, oifigí, saighdiúirí, Iarla Essex. Aimsir na Banríona Eilíse.

An Tobar Draoidheachta

Athair Pádraig Ua Duinnín do scríobh. Eagarthóir 'Aodhagáin Ui Rathaille' agus 'Eoghain Ruaidh Ui Shuilleabháin'.

Connradh na Gaedhilge B.Á.C. 1902, 36 leathanach.

Dráma gearr suite gar do thobar, in aice le Sliabh Luachra. Tá Dómhnall dall, é ina shuí gar don tobar. Tagann máthair Nuala agus insíonn do Dhómhnall go bhfuil fonn ar a hiníon Seán Fiain a phósadh agus gan ann ach duine atá beó bocht. B'fhearr léi dá bpósfadh a hiníon Tomás Breac, atá saibhir. Réitionn Domhnall dall an scéal le cúnamh ón Tobar Draíochta.

Mac Na Mná Deirce

Seamus O'Kelly do scríobh, Micheál Mac Ruaidhrí agus Seán Mac Giollarnát a d'aistrigh.

Oifig Diolta Foillseacháin Rialtais, 5, Sráid Thobar Phádraig, B.Á.C. 101 leathanach.

Aistriúchan Gaeilge den dráma dha ghníomh le Seamas Ó Kelly atá anseo.


previousPrevious - Creideamh II
Next - Drámaí IInext