Foghlaim na Gaeilge V

Stair na Gaedhilge

Donn Piatt, 15 leathanach

Stair na Gaeilge le trí chéad bliain roimh scríobh an leabhair atá sa saothar seo. Chreid an t-údar nuair a bhí stair na Gaeilge nó stair litríocht na Gaeilge á scríobh narbh fhéidir Alban agus Manainn a fhágáil as an áireamh mar bhí an Ghaeilge á labhairt go forleathan sna h-áiteanna sin freisin. Smaointe an údair ar stáid na Gaeilge ag an am.

Ceachta Graiméir

Tadhg Ó Donnchadha

Connradh na Gaedhilge, B.Á.C. 1905. 40 leathanach.

Áis do mhúinteóirí Gaeilge agus do scolairí atá sa leabhar beag seo. An Gníomh, Gníomhaí, Ainm Bhriathar, Forainm, Réimhbhriathar. Tá cleachtadh go leor sa leabhar.
 

Ceistiúchán

An tAthair Gearóid Ó Nualláin, M.A. do chuir le chéile

Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta, 89 Sráid an Talbóidigh, B.Á.C. 1923. 108 leathanach.

Tá ós cionn míle ceist ar an nGaeilge sa leabhar seo. Tá súil ag an údar go dtabharfaidh an leabhar cabhair do mhúinteoírí agus do mhic léinn, agus dóibh sin a bhíonn ag foghlaim leo féin agus gan do chúnamh acu ach na leabhair. Tá ceisteanna ar mhíniú focal agus aistriú ó Bhéarla /Gaeilge.
 

Foghraidheacht Ghaedhilge an Tuaiscirt

Séamus Ó Searcaigh, M.A.

Brún agus Ó Nualláin, Teor., Béal Feiriste, B.Á.C., Corcaigh agus Port Lairge. 1925. 255 leathanach.

Tá mion chur síos déanta sa leabhar seo ar an gcaoi a labhraíodh an Ghaeilge i dtuaisceart Éireann thart ar an mbliain 1925. Labhair an t-údar le Gaeilgeoirí na h-áite chun an fhoghraíocht cheart a fháil. Bhí Gaeilge á labhairt i dTír Chonaill, Árd Mhacha, Óméith, Muineachán, An Cabhán, Aontroma agus in Oileán Reachrann ag an am. Tá clár de na focail ar chúl an leabhair.

The Story of Early Gaelic Literature

Douglas Hyde L.L.D.,M.R.I.A., (An Chraoibhín Aoibhinn)

T.Fisher Unwin Ltd. 174 Leathanach.

Leabhar an-spéisiúil le Dubhglas de hÍde ina ndéanann sé cur síos ar litríocht na nGael ón tús go dtí teacht na Lochlannach. Tugtar léargas iontach dúinn ar an tábhacht a bhaineann le sean litríocht na hÉireann.

Celtic Studies

William K. Sullivan, Ph.D., M.R.I.A., Professor in the Catholic University of Ireland, and in the Museum of Irish Industry. From the german of Dr. Hermann Ebel.

Williams and Norgate, 14 Henrietta Street, Covent Garden, London; and 20 South Frederick Street, Edinburgh. 1863. 221 leathanach.

Inneacs sean-laidneach, sean-Ghearmánais, sean-Ghaeilge, Breatnais, Coirnis, Armoric, Ceiltís. An gaol idir an Cheiltís agus teangacha eile. Focail iasachta ó laidin go Ceiltí.

Foclóir

'Do Cuireadh le Fionn & Lorcán &rl.'

Seosamh Laoide do chuir le chéile

Connradh na Gaedhilge, 1913, 124 leathanach.

Seo foclóir Gaeilge-Béarla a cuireadh le bailiúchán de leabhair a bhuaidh duais Oireachtais.


previousPrevious - Foghlaim na Gaeilge IV
Next - Foghlaim na Gaeilge VInext