Colm Ó Gaora

1887 - 1954

Rugadh Colm Ó Gaora in Inbhear, Ros Muc, Conamara., ar an 29ú Eanair, 1887. Ba é an triú mac, agus an séú duine, de'n mhuirín a bhí ag Seán Phádraic Mhicil Éamuinn Mhaolra Uí Ghaora, agus Máire Ní Shúilleabháin, iníon do Phádraic Ó Súilleabháin, a bhí pósta le Máirín Phádraic Aindriú.
Fuair a chuid bunoideachais i scoil náisiúnta an Ghoirt Mhóir. Ní raibh aon Ghaeilge dá múineadh sa scoil, cé gur Gaeilge a bhí ag na gasúir a bhí ag freastal uirthi. Bhí an-dúil san nGaeilge agus san oideachas aige.


Chuir sé aithne mhaith ar Phádraig Mac Piarais nuair a thosaigh an Piarsach ag teacht go Ros Muc. Bhí fonn scríbhneórachta air, agus thaispeáin a shaothar do Phadraig Mac Piarais, a mhol dó leanacht air. Thóg sé an scéal 'Scolbglas Mac Rí 'n Éirinn' óna athair. Cuireadh i gcló san gClaidheamh Solais, agus lean ar feadh seacht seachtaine sa bpáipéar sin.


Bhí Conradh na Gaeilge ar thóir ábhar múinteóirí ag an am. Ba é an Piarsach a chuir Colm faoí scrúdú. D'éirigh leis, agus fuair áit i dTuar mhicÉadaigh. Shiúil sé trasna an chnoic ó Ros Muc go Maigh Eó. Ina dhiaidh sin cheannaigh sé rothar ar £9, ón sagart i Ros Muc. Múinteóir taistil a bhí ann níos deireanaigh, agus thaisteal thart timpeall Mhaigh Eó. Bhíodh seacht gcinn de scoileanna faoí na chúram, agus é ag freastal ar dheich gcinn eile ag an am céanna.


Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge. Sa mbliain 1905, bhailigh cnuasach amhráin ina cheantar féin. D'fhoilsigh 'Fíbín' agus fuair £5 air. Sa mbliain 1907 chuir sé aithne ar Mhicheál Breathnach, a bhí ina Ollamh i gColáiste Chonnacht, Tuar Mhic Éadaigh. Bhí an scríbhneóir Sean Ó Ruadháin ansin freisin. Chuir sé aithne ar Thomás Bán Ó Conceanainn, agus Pádraig Ó Maolchiaráin. Chaith sé cheithre bliana i Maigh Eó. Ba de bharr an chion a bhí aige ar a theanga dhúchais a haistríodh as Maigh Eó do'n Chlochán é. Bhí Séamus Ó Domhnalláin mar chúntóir aige sa gClochán.


Sa mbliain 1911 foilsíodh Sídheóg na Rann, amhráin a bhailigh é i Ros Muc, Loch Con Aortha, agus Maigh Eó. Scríobhadh sé faoí'n ainm cleite 'An Gruagach Bán'. Bhí sé an-ghníomhach i gcúrsaí polaitíochta. Casadh Seán Mac Diarmada leis ag Oireachtas 1913 in nGaillimh. Chuir aithne air Éamonn Ceannt, Séamus Ó Cuirc, Toirdheallach Mac Suibhne agus go leór eile.

Théadh an Piarsach, agus Liam Ó Maoilíosa, go hÁrainn i mbád athar Choilm Uí Ghaora. Mhionnaigh Mac Diarmada é i gCumann Bhraithreachas Poblachta na hÉireann. Thug cúmhacht dó cumainn a bhunú i gConamara. Bhí sé i gceannas ar Chathlán a dó, de na cheithre Chathlán a bunaíodh i gConamara. Ba mhinic leis an gCathlán seo a bheith gníomhach taobh amuigh de Chonamara.


Bhí sé i gConamara agus oirthear na Gaillimhe, Seachtain na Cásca, agus cuireadh príosún air.
Sa mbliain 1917, bhí cómhdhail faoí rún i bPáirc an Chrócaigh, inár socraíodh ar athbheóchan a dhéanamh ar na hÓglaigh ar fud na tíre. Toghadh De Valera ina cheannaire ar an I.R.A. Toghadh Colm Ó Gaora ar an Árd Chómhairle an lá sin. Bhí sé gníomhach i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad. Chaith sé tréimhsí fada in ngéibheann, agus bhí i dtimpeall deich gcinn fhichead uilig, idir príosúin, dúnfoirt, agus botháin cuibhrithe. Sa mbliain 1920, chuaigh sé féin agus seisear eile ar stailc ocrais le linn a bheith i bpríosún na Gaillimhe, de bhrí nach raibh tada curtha ina leith, ná iad fáighte ciontach in aon choir. An fhad is bhí sé san bpríosún sin, ceapadh ar Chomhairle Chondae na Gaillimhe é, agus toghadh mar chathaoirleach ar Bhord Cheantar Uachtar Árd é.
Bhí sé féin agus a 'bhuíon aistreach', mar thugadh sé orthú, bhíodar gníomhach ar fud chnoic Chonamara agus thar teórainn go minic. An dá ghníomh mhóra atá luaite leó, ná, an luíochan idir Scríb agus Ros Muc, agus an troid i Muintireóin, i nDúiche Sheóigheach.

Bhi baint aige le bunú an phaipéir An Stoc, paipéar Gaeilge, míosúil, Chonnacht. Ba é Tomas Ó Máille a bhí mar eagarthóir, agus an t-Athair Tomas Ó Ceallaigh mar Bhainisteóir. Mhair an páipéar go dtí 1932. Scríobhadh Colm Ó Gaora 'Cúinne an tSeanóra' go dtí 1921. Thaobhaigh an páipéar leis an gconradh le Sasana ag an am, agus ní raibh aon déileáil ag Colm Ó Gaora leis ina dhiadh sin.
Bhí Tigh Choilm Uí Ghaora ar cheann de na chuig thithe i gceantar Ros Muc a dhó na Tans sa mbliain 1921.

Bhi sé i bpríosún sa mbliain 1919, nuair a fuair sé scéala go raibh a athair go dona tinn sa mbaile. Scaoileadh amach é, ach, bhí air filleadh ar an bpríosún aríst, nuair a bhí a athair curtha. Cailleadh a athair 8ú Feabhra 1919. Ba é athair Choilm Uí Ghaora a bhí i gceist ag an bPiarsach san scéal Íosagán. Bhí máthair Choilm caillte ón 12ú Márta, 1914.


Chaith sé chúig bhliana i Meiriceá, áit a raibh scoil Ghaeilge aige, in Nua Eabhrach. Bhíodh scoil oiche aige ina cheantar fhéin, agus in Iorras Aithneach. Fuair sé bás an 14ú Márta 1954. Tá Colm Ó Gaora curtha i reilig Chill Bhriocáin i Ros Muc, Conamara.

Chomh maith le altanna agus litreacha, cuireadh seo i gcló:

Fíbín, bailiúchán amhráin, 1905.
Sidheóg na Rann, bailiúchán amhráin 1911.
Obair is Luadhainn, saoghal na Gaeltachta 1937.
Mise, a bheathaisnéis, 1943.

Aistriúcháin:

Emmet's Days le Séamus Ó Murchadha go Gaeilge.

The Autobiography of a Supertramp le W.A. Davis go Gaeilge.


previousPrevious - Pádraig Ó Duinnín
Next - Peadar Ó Laoghairenext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Life & Society


Popular Sections