Micheál Breathnach
1881 - 1908
Rugadh ar an Lochán Beag, i gCois Fharraige ar an 16ú Meán Fómhair 1881. D'fhreastal sé ar scoil an Chnoic. Ansin a d'fhoghlaim sé Béarla ar dtús. Bhí sé ina chúntóir sa scoil sin níos deireanaí.
Nuair a bhí sé fiche bliain d'aois, fuair sé post mar Rúnaí ar Chraobh Londain de Chonradh na Gaeilge. Scríobh sé aistí do'n Claidheamh Solais. Foilsíodh Cuan na Mara agus a Mhuintir in Irisleabhar na Gaeilge. Bhí duais Oireachtais bainte ag an aiste sin i 1903.
Cheithre bliana a chaith sé i Londain, áit a raibh sé gnóthach in imeachtaí an Chonradh. Thugadh sé ranganna Gaeilge i Londain. Théis Londain, fuair sé post mar Ard Ollamh i gColáiste Chonnacht, i dTuar Mhic Éadaigh, Maigh Eó. Chuir sé aithne ar Cholm Ó Gaora, a bhí ina mhúinteóir taistil le Connradh na Gaeilge ag an am.
Ní raibh an tsláinte go maith faoí seo. Scríobh sé go leor aistí, agus filíocht, a foilsíodh sna hirisleabhair Ghaeilge ag an am. Chuir sé Gaeilge ar Knocknagow le Charles Kickham, thart ar 1905, agus foilsíodh cuid de 1906, an chuid eile théis a bháis. Bhíodh sé ag triall ar an Eilbhéis ar mhaithe le na shláinte, agus rinne sé cur síos ar an tír sin ina chuid aistí, a foilsíodh san gClaidheamh Solais, agus a foilsíodh ina dhiaidh sin mar 'Seilg imeasc na nAlp'. D'fhoilsigh Conradh na Gaeilge 'Stair na hÉireann', i 1906; d'fhoilsigh Comhlucht Oideachais na hÉireann Fíon na Filidheachta freisin. Scríobh sé scéalta do pháistí a bhí foilsíodh in Scéalta Triúir, 1919, agus Cúrsaí na hÉireann.
Ni raibh aon fheabhas ar a shlainte i 1908, agus bhí air dul isteach i dteach banaltrais, i mBaile Átha Cliath. Fuair sé bás ann i nDeireadh an Fhómhair na bliana 1908. Ta sé curtha i reilig an Chnoic, ina cheantar dhúchais. Sheinn Éamon Ceant ar a shochraid.
Sa mbliain 1980, chuir Seosamh Ó Braonáin amach Seililg i measc na nAlp san litriú caighdeánach.
Bhí clár cuimhneacháin ar Raidió na Gaeltachta, sa mbliain 1981, céad bliain théis a bhreithe.
Upload to this page
Add your photos, text, videos, etc. to this page.
Map Search
Related Libraries
Galway County LibraryContact this library »
Content
Life & Society
- Life & Society in Ireland
- Irish Language & Legends
- Ceachtanna Gaeilge: Modúil 1-10
- Feature: Stair na Gaeilge
- An Cheathrú Rua
- Bailiúchán Samuel L. Mac Guidhir
- Amhráin
- Árd Fheiseanna Chonradh na Gaeilge (1903-21)
- Béaloideas Chonnacht
- Béaloideas Ghinerálta
- Creideamh
- Drámaí
- Filíocht
- Finscéalta
- Foghlaim na Gaeilge
- Gearrscéalta
- Leabhair don Aos Óg
- Leabhair Scoile
- Nádúr
- Paidreacha
- Stair
- Tír Eolaíocht
- Uimhríocht
- Úrscéalta
- Ilgnéitheach
- Na Scríbhneoirí
- Piaras Béaslaí
- Colm de Bhailís
- Micheál Breathnach
- Dubhghlas de hÍde
- Seosamh Laoide
- Seoirse Mac Clúin
- Tomás Mac Domhnaill
- Seaghán P. Mac Énrí
- Eóin Mac Néill
- Pádraig Mac Piarais
- Pádraic Ó Conaire
- Pádraig Óg Ó Conaire
- Tomás Bán Ó Conceannain
- Pádraig Ó Domhnalláin
- Pádraig Ó Duinnín
- Colm Ó Gaora
- Peadar Ó Laoghaire
- Micheál Ó Máille
- Tomás Ó Máille
- Énrí Ó Muirgheasa
- Tomás Ó Raghallaigh
- Seán Ó Ruadháin
- Pádraig Ó Siochfhradha
- Cúchullain and Emer
- Ghost Stories of Dublin
- Molly Malone: A Dublin Legend
- Myths and Legends of South County Dublin
- Social Irish in Dublin
- Story Telling
- Derdriu and the Exile of the Sons of Uisliu
- The Long Life of Tuan McCarrell
- The Salmon of Knowledge
- An Táin Bó Cuailgne: The Cattle-Raid of Cooley
- Science & Technology
- Traditions and Customs
- Traditional Irish Cooking
- Families in History
- Farming in Ireland
- Ireland: Changing Times
- Ireland and the EU
- Irish Language Learning