Pádraig Ó Siochfhradha

1883 - 1964

Rugadh é san nGóilín, gar do'n Daingean i gCiarraí. D'fhreastal ar bhunscoil na mBráithre. Bhí Gaeilge agus Béarla ag an gclann uilig. Ba scoláire mór le rádh a bhí ann, a raibh chuile cheird aige. Thuig an Seabhac óg an Ghaeilge, agus bhíodh ag éisteacht go haireach leis na seandaoine ag caint agus ag scéalaíocht. Bhí suim thar na bearta sa nGaeilge aige.

Múinteoir Gaeilge a bhí ann, agus scríbhneóir. Scríobh sé dhá leabhar mhóra, "An Baile seo Againne'', agus ''Jimín Mháire Thaidhg''. Bhíodh seanchas, agus béaloideas, san Lóchrann aige agus é ina Eagarthóir air, ar feadh roinnt de bhliainta. Bhi sé i gConradh na Gaeilge, agus ar an gCoiste Gnó, agus ba é an chéad eagarthóir ar an nGúm. Bhí ar dhuine de bhunaítheóirí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Nuair a bunaíodh na hÓglaigh, liostáil sé, agus bhí i gceannas ar chathlán i gCorca Dhuibhne. Chaith sé tréimhsí i bpriosún, i Sasana agus in Éirinn. Ní raibh sé gníomhach san gCogadh Cathartha, mar b'fhearr leis an réiteach. Chaith sé cúpla bliain ina thimire san gcéad Dáil, agus d'oibrigh san Roinn Oideachais. D'oibrigh i Liatrom, Ros Comáin agus Longfoirt. Bhí ina bhall de Sheanad Éireann.
 

Bhí baint aige le bunú scoileanna Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus le athbhunú an Oireachtais. Ba é a bhronn na duaiseanna ag an Oireachtas 1939. Is dóigh gur é 'An Seabhac' an t-ainm cleite is mó le rádh fós féin, agus go mairfidh an t-ainm cleite sin go brach. Bhailigh sé na céadta logainmneacha, agus foilsíodh iad.


previousPrevious - Seán Ó Ruadháin

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Life & Society


Popular Sections