Fiosrúchan 15: Athrú Aeráide

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





An tSaincheist Mhór

Príomhcheist
Cad iad na saincheisteanna a bhaineann le hathrú aeráide?

Imlíne
Tá na gníomhaíochtaí seo bunaithe ar fhiosrúcháin tar éis an phróisis fiosrúcháin mholta a cuireadh chun cinn sa Churaclam Bunscoile (SESE).

Ullmhúchán
Oibríonn na gníomhaíochtaí seo níos fearr má bhíonn eolas ag na leanaí ar chur chuigí fiosrúcháin ó thíreolaíocht, stair agus eolaíocht trí ghníomhaíocht eile. Cinntigh le do thoil go bhfuil an tsamhail fíosrúcháin (cárta acmhainne uimh. 24) ar taispeáint agus go bhfuil eolas ag na leanaí air.

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas fiosrúcháin tíreolaíoch;
  • ceisteanna a chur, sonraí a bhailiú, torthaí a chur i láthair agus conclúidí / measúnuithe a scríobh; agus
  • míniú a thabhairt ar na coincheapa maidir le hathrú aeráide, ídiú ózóin, buaicola agus dífhoraisiú.

Acmhainní


Gníomhaíochtaí foghlama


1. An Bhileog Pleanála Fiosrúcháin a chur ar taispeáint, nó a chóipeáil agus a dháileadh (cárta acmhainne uimh. 26).

2. Tabhair ábhar athrú aeráide do gach grúpa lena fhiosrú.

3. Ansin smaoiníonn na leanaí ar cheist amháin an duine ar a laghad – is féidir níos mó ná ceist amháin a bheith acu. Scríobhtar na ceisteanna ar phíosaí dramh-pháipéir. Ansin cuireann na leanaí a gcuid ceisteanna isteach i ngrúpaí. Cinneann na leanaí cad iad na ceisteanna ‘móra’ atá i measc na gceisteanna ar fad:

Ceisteanna samplacha:
> Cad is ola ann?
> Cé leis an ola?
> Cá mhéad ola atá ann?
> Cá bhfuil ola?
> Cad iad na fadhbanna a bhaineann le hola?

Is í an príomhcheist nó an cheist ‘mhór’ ná an cheist deiridh. Cé go sílfeá go bhfuil sí neamhfhoirmiúil go maith, tá roinnt tréithe de phríomhcheisteanna fiosrúcháin ag baint léi:

> Clúdaíonn sí na ceisteanna eile ar fad.
> Is ceist í a n-eascraíonn ceist eile aisti.
> Is ceist í a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn do roinnt ceachtanna.

4. Iarr ar gach grúpa taighde a dhéanamh ar an bhfreagra atá ar an gceist mhór agus íomhánna a roghnú ó na cártaí acmhainne, nó más féidir – cuardaigh ‘Íomhánna’ ar líne chun íomhánna a bhaineann leis an ábhar a thaispeáint. (Tabhair ar aird: Níor chóir an chéim seo a dhéanamh ach amháin nuair a bhíonn an múinteoir sásta go bhfuil scagaire ábhar gréasáin cuí á úsáid m.sh. an tseirbhís scagaire ábhar a chuireann an Clár Leathanbhanda Scoileanna de chuid an Ionaid Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas ar fáil.)

5. Déanann na grúpaí a gcuid torthaí a roinnt leis an rang.


Naisc ghréasáin

www.enfo.ie
www.change.ie
www.seai.ie