Fiosrúchan 17: Farraigí ag Athrú

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.






Príomhcheist
Cad a tharlóidh do leibhéil na bhfarraigí má thosaíonn oighear an domhain ag leá?

Imlíne
Bainfidh na leanaí úsáid as trealamh simplí agus as breathnú chun imscrúdú a dhéanamh ar oighear ag leá in dhá chás éagsúil. Cuideoidh na turgnaimh seo leis na leanaí tuiscint a fháil ar cad a tharlódh do leibhéil na farraige má thosaíonn oighear an domhain (buan) ag leá nó cuideoidh sé leo samhail a dhéanamh de.

Ullmhúchán
Bailigh an trealamh, mar a chuirtear síos air thíos faoi Acmhainní.


Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • díospóireacht a dhéanamh ar thuairimí éagsúla faoi cad a tharlóidh nuair a leáfaidh oighear na farraige agus a thuiscint go ndéanann eolaithe an rud céanna;
  • a thuiscint go mb’fhéidir go leáfadh oighear (buan) mar gheall ar théamh domhanda; agus
  • a thuiscint go bhféadfadh leibhéil na bhfarraigí ardú de bharr leá oighir.

Acmhainnín

  • Bileog Gníomhaíochta

- ‘Cad a tharlaíonn nuair a leánn oighear san fharraige’ (Imscrúdú 17a)
- ‘Cad a tharlaíonn nuair a leánn oigir ar thalamh? ( Imscrúdú 17b)

  • Ciúbanna oighir (sa reoiteoir nó i mbosca fuaraithe), uisce
  • Eascraí trédhearcacha, dabhcha plaisteacha a bhfuil íochtair réidhe acu ar nós boscaí lóin nó cartáin uachtair reoite
  • Rialóirí
  • Plasticine nó Marla
  • Cruinneog agus/nó atlais

Pdf Imscrúdú 17a - Cad a tharlaíonn nuair a leánn oighear san fharraige
Size: 146.4K bytesModified:  9 February 2011, 17:14
Pdf Imscrúdú 17b - Cad a tharlaíonn nuair a leánn oighear ar talamh
Size: 163.2K bytesModified:  9 February 2011, 17:15

Gníomhaíochtaí foghlama

Oighear ag leá san fharraige
1. Tabhair am do na daltaí smaoineamh ar na trí thuairim a bhí ag na leanaí sa bhileog gníomhaíochtaí ‘Cad a tharlaíonn nuair a leánn oighear san fharraige’ (Imscrúdú 17a)

  • Cad a cheapann siad atá ceart?
  • Cad a cheapann siad faoi smaointe na leanaí?
  • An féidir leo smaoineamh ar aon chúis eile nár smaoinigh na leanaí seo orthu?
  • Pléann na daltaí a gcuid smaointe agus déanann siad a gcuid tuairimí féin a thaifeadadh.

2. Tabhair am do na leanaí imscrúdú a phleanáil a chuideodh leo a fháil amach cad a tharlaíonn i ndáiríre. Mhol siad trealamh agus thug pictiúr cartúin leid mhaith dóibh maidir leis an gcineál imscrúdaithe a dhéanfadh siad.

Cinntigh go dtuigeann na daltaí go gcaithfidh siad an leibhéal uisce ag an tús a thomhas agus é a thomhas arís nuair a leánn na ciúbanna, mar chuid dá gcuid pleananna.

3. Déanann na leanaí an t-imscrúdú/(na himscrúduithe) a phleanáil siad, agus déanann siad a gcuid torthaí a thaifeadadh. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach am a thabhairt do ghrúpaí éagsúla a gcuid imscrúduithe agus a gcuid torthaí a chur i láthair, ó tharla go bhféadfadh go mbeadh difríochtaí eatarthu. D’fhéadfadh sé seo a bheith sa bhreis ar, nó in ionad aon taifid fhoirmiúil ar a gcuid torthaí. Mar sin féin, léireoidh sé dóibh go bhfuil fadhb an téimh dhomhanda níos casta ná mar a cheaptar.

4. B’fhéidir nach bhfuil aon chineál oighir pholaigh eile ar eolas ag na leanaí ach amháin an cineál a bhíonn ag snámh ‘cnoc oighir’ – tá sé seo fíor i gcás an Phoil Thuaidh (níl aon talamh faoi). Mar sin féin tá go leor réigiún fuar ar an bplainéad ina bhfuil an t-oighear ar an talamh den chuid is mó – an Pol Theas, an Ghraonlainn agus tíortha eile sa Chiorcal Artach, chomh maith le ceantair shléibhte. Ba chóir do na leanaí cuid de na háiteanna seo a fháil ar chruinneog nó in atlas roimh an gcéad imscrúdú eile.