Fiosrúchan 18: Mistéir Athrú Aeráide

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Cén fáth ar bhris annie slater a rúitín i 2040?

Príomhcheist
Cad iad na tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag athrú aeráide ar Éirinn?

Imlíne
Is í an aidhm a bhaineann leis seo ná leanaí a chur ag smaoineamh níos mó ar choincheap an athrú aeráide agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar dhaoine. Is gníomhaíocht shimplí atá ann – ach d’fhéadfadh go gcuirfeadh an smaoineamh agus an plé a bhaineann léi ionadh ar na leanaí.


Ullmhúchán
Ní mór an bhileog ghníomhaíochta ‘Cén fáth ar bhris Annie Slater a rúitín i 2040?’
(Imscrúdú 18) a ghearradh suas agus í a chur isteach i gclúdach litreach – is féidir leis
na leanaí é seo a dhéanamh.

Torthaí Foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • smaoineamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag athrú aeráide;
  • oibriú as lámh a chéile chun teacht ar chonclúidí; agus
  • machnamh a dhéanamh ar a gcuid próiseas foghlama.

Acmhainní

  • Bileog acmhainne: Annie Slater
  • Siosúr agus clúdach litreach

Pdf Imscrúdú 18 - Cén fáth ar bhris annie slater a rúitín i 2040
Size: 343.2K bytesModified:  9 February 2011, 17:16

Gníomhaíochtaí foghlama

Tabhair isteach coincheap na mistéire: Inniu táimid chun mistéir a réiteach ag úsáid roinnt leideanna. Féachann na leanaí ar an ngrianghraf d’oighearshruth Franz Josef (cárta acmhainne 23) atá sa phacáiste.

1. Iarr ar na leanaí féachaint ar na cártaí ar feadh cúpla nóiméad ionas go gcuirfidh siad eolas ar an ngníomhaíocht.

2. Déan plé ar conas ar chóir na cártaí a shórtáil ina ngrúpaí nó ina gcatagóirí. Is féidir leis na leanaí rudaí éagsúla a dhéanamh leis na cártaí.

3. Tá go leor ceisteanna a d’fhéadfá a chur ar na leanaí:


  • Cad a tharla do Shruth na Murascaille?
  • Conas a raibh tionchar aige seo ar shaol na hÉireann?
  • Cé hiad nó cad is ciontach le rúitín briste Annie?
  • Cén uair nó conas a d’fhéadfaí cur isteach ar an tsraith imeachtaí seo chun an eachtra sin a chosc?
  • Cad a d’fhoghlaim siad - cé acu díobh seo a leanas a raibh an tionchar is mó acu? An tionchar a bhí ag daoine ar an aeráid nó an tionchar a bhí ag an aeráid ar dhaoine?


4. Is féidir leis na leanaí smaoineamh faoina gcuid próiseas smaoinimh féin:

  • Cén fáth ar shocraigh tú na cártaí ar an gcaoi sin?
  • Cad iad na conclúidí a bhí agat agus cén fáth?