Gníomhaíochtaí Foghlama Eile

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Oighear ag leá san fharraige

1. Bíonn oighear ar roinnt limistéar talún ar feadh na bliana. Arís is féidir leis na leanaí na limistéir seo a fháil ar chruinneoga – ach d’fhéadfadh athrú a theacht air sin mar gheall ar théamh domhanda.

2. Tabhair amach an bhileog imscrúdaithe 17b ‘Cad a tharlaíonn nuair a leánn oigir ar talamh’ do na daltaí. Tá gach grúpa chun ‘mionlimistéar’ talún (sléibhte) a chruthú agus feicfidh siad an tionchar a bhíonn ann do leibhéil na farraige nuair a leánn oighear ar an talamh. Is samhail í seo ar scála beag faoi cad a d’fhéadfadh tarlú má leánn an t-oighear buan ar an talamh mar gheall ar théamh domhanda.


3. Oibríonn na leanaí i ngrúpaí chun an turgnamh a dhéanamh mar atá leagtha amach sa bhileog gníomhaíochta. Ba chóir na leanaí a spreagadh chun féachaint go cúramach ar an oighear ag leá agus aird a thabhairt ar an uisce a tháirgtear. Ba chóir go bhfeicfeadh gach grúpa go n-ardaíonn leibhéal an uisce (farraige).
Nóta: Beidh sé níos éasca an t-athrú seo a fheiceáil má bhíonn an méid uisce a chuirtear sa dabhach ar dtús réasúnta beag agus má bhíonn an méid oighir a chuirtear isteach ag an tús réasúnta mór.

4. Pléann na daltaí a gcuid torthaí mar rang. Áirítear ar cheisteanna oiriúnacha:

  • Cad a tharla do leibhéal an uisce sa dabhach de réir mar a bhí an t-oighear ag leá?
  • An athróidh an t-oighear atá ag leá ar an talamh leibhéil na farraige?
  • Cén tionchar a bheadh aige seo ar thír ar nós Éire?
  • Cad a tharlódh dá mbeadh tú i do chónaí in aice le farraige/cósta?

5. Ag an bpointe seo bheadh sé tábhachtach a chur in iúl do na daltaí go bhfuil sé ar a gcumas athruithe (beaga) a dhéanamh ina saol féin chun úsáid agus diomailt funnimh a laghdú, agus dá bhrí sin gur féidir leo tionchar a bheith acu ar théamh domhanda a laghdú.


Nótaí

• Cinntigh go bhfuil na leanaí ar an eolas gur féidir leo tuairimí éagsúla a bheith acu, ach iad a bheith ina gcúiseanna ciallmhara – ar ndóigh, ní i gcónaí a chomhaontaíonn eolaithe!

• Más fearr leat, is féidir balúin oighir a úsáid in áit ciúbanna oighir. Tabharfaidh siad seo ‘meall’ níos mó oighir do gach grúpa le húsáid. Chun balún oighir a réiteach, ceangal balún cruinn ar bhuacaire agus líon é le huisce fuar go dtí go mbeidh sé thart ar 5-10cm i méid. Cuir snaidhm ar an mbalún. Cuir na balúin uisce ar thráidire agus déan iad a reo i reoiteoir mór. Beidh ar na daltaí ‘craiceann’ an bhalúin a ghearradh den mheall oighir do gach imscrúdú.