Fiosrúchan 16: An Timthriall Oighir

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Príomhcheisteanna
> Cad is oighearshruth ann?
> Cad atá ag tarlú d’oighearshruthanna?

Imlíne
Féachfaidh na leanaí ar oighearshruthanna agus déanfaidh siad taighde orthu trína bplé agus trí ghníomhaíocht ghaolmhar. Faigheann siad eolas ar conas a chruthaítear oighearshruthanna agus conas a chúlaíonn siad agus in imeacht ama beidh tuiscint níos mó acu ar na tionchair a bhaineann le hathrú aeráide.

Ullmhúchán
Ba chóir an bhileog ‘Sneachta go hOighear’ (Imscrúdú 16) a ghearradh ina phíosaí ar leith ag sonrú conas a iompaíonn sneachta go hoighear.

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:
> Smaoineamh ar na próisis a chruthaíonn oighearshruthanna agus leaca oighir; agus
> Roinnt de na tionchar a bhaineann le hathrú aeráide a aithint

Acmhainní
Grianghraif a fhaightear ón bpacáiste, irisleabhair, páipéir nuachtáin, idirlíon, srl
Imscrúdú 16 ‘Sneachta go hOighear’
Siosúr
Íomhánna d’oighearshruthanna ag cúlú a bailíodh ar líne. Féach freisin: m.sh Oighearshruth Franz Josef, an Nua-Shéalainn (Cárta Acmhainne uimh. 23)

Pdf Imscrúdú 16- Sneachta go hOighear
Size: 246.0K bytesModified:  9 February 2011, 17:13


Gníomhaíochtaí foghlama


1. Féachann na leanaí ar an ngrianghraf d’Oighearshruth Franz Josef (cárta acmhainne 23) atá san áireamh sa phacáiste seo agus ar aon íomhá eile is féidir leo a fháil ar oighearshruthanna.

2. Labhraíonn na leanaí faoin gceist ‘Conas a cruthaíodh an áit seo ?’ Pléann na leanaí a gcuid smaointe.



3. Déanann na leanaí cártaí a shórtáil de réir an oird a ndéantar oighear as sneachta:

> Titeann plúiríní sneachta ar na sléibhte
> Ní leánn plúiríní sneachta nuair a fhanann na teochtaí faoi 0oC
> Titeann tuilleadh plúiríní sneachta
> Brúnn meachán an tsneachta os cionn aeir amach as plúiríní sneachta
> Iompaíonn plúiríní sneachta isteach i sneachta gráinneach
> Fanann plúiríní sneachta agus sneachta gráinneach in áiteanna nach mbíonn mórán gréine ann
> Déantar críonsneachta as sneachta gráinneach*
> Brúnn meáchán an tsneachta os cionn aeir amach as an gcríonsneachta
> Déantar oighear as an gcríonsneachta
> Níl móran aeir in oighear
> Tosaíonn an t-oighear ag gluaiseacht síos na fánaí

4. Úsáideann na leanaí sraitheanna grianghraf d’oighearshruthanna, má tá siad ar fáil. Cuireann na leanaí na grianghraif in ord. Pléann na leanaí an fáth go bhfuil oighearshruthanna ag cúlú/laghdú.

Nótaí
• Tá cur síos iontach ar chruthú oighearshruthanna ar líne, ach tá cuid acu sin leagtha amach do dhaltaí dara leibhéal, dá bhrí sin déan iad a sheiceáil go cúramach.
* Sainmhíniú, Críonsneachta: Sneachta gráinneach, páirtbhrúite a fuair an ceann is fearr ar shéasúr amháin de leá an tsamhraidh ach nach bhfuil ina oighear oighreach go fóill.