Fiosrúchan 19: An Todhchaí

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.





Cad í an todhchaí a d’fhéadfadh a bheith i ndán d’éirinn?

Príomhcheist
Conas is féidir linn dul i ngleic le hathrú aeráide?


Imlíne
Tugann an ghníomhaíocht seo deis do na leanaí smaoineamh ar an todhchaí a d’fhéadfadh a bheith rompu.

Ullmhúchán
Sa ghníomhaíocht seo bíonn ar na leanaí páipéir nuachtáin áitiúla a úsáid – iarr orthu iad a thabhairt isteach ón mbaile thar cúpla seachtaine.

Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:

  • an todhchaí inár bpobal is dócha a bheidh ann, a d’fhéadfadh a bheith ann agus is mó a thaitneodh linn a bheadh ann a shamhlú;
  • cur síos a dhéanamh ar na tionchair dhearfacha is féidir le daoine a imirt i bpobail áitiúla, náisiúnta agus domhanda; agus
  • a aithint go bhfuil nithe ann a chuireann bac ar an todhchaí ba mhaith linn a bheith ann.

Acmhainní

  • Bileoga acmhainní – ‘Lá i mBaile Átha Cliath 2040’ (Imscrúdú 19a) agus ‘Ag Samhlú na Todhchaí’ (Imscrúdú 19b)
  • Páipéir nuachtáin áitiúla
  • Cárta Acmhainne uimh. 6 - An Tulcha, Baile Átha Cliath
Pdf Imscrúdú 19a - Lá i mBaile Átha Cliath, 2040
Size: 26.2K bytesModified:  9 February 2011, 17:17
Pdf Imscrúdú 19b - An todhchaí a shamhlú
Size: 24.6K bytesModified:  9 February 2011, 17:18

Gníomhaíochtaí foghlama

1. Léigh – ‘Lá i mBaile Átha Cliath 2040’ (Imscrúdú 19a).

  • Déan plé ginearálta air.
  • Cad iad na gnéithe de Bhaile Átha Cliath 2040 a bheadh go maith dá bpobal áitiúil féin?
  • Cén sórt cuma a bheadh air i gcomparáid leis an bpictiúr den Tulcha inniu? (cárta acmhainne uimh.6)?
  • Cad a chabhródh chun na nithe seo a bhaint amach?

2. Féach tríd na páipéir nuachtáin áitiúla a bhailigh na leanaí lena fháil amach cad iad na cineálacha
gníomhaíochtaí atá ag tarlú sa phobal. Gearr amach ceannlínte / grianghraif a thaispeánann na
gníomhaíochtaí seo.

3. Cuir isteach gníomhaíochtaí atá ag tarlú laistigh den scoil.


4. Sórtáil na píosaí ar fad in dhá chatagóir/chruach:

  • Rudaí atá ag tarlú anois
  • Rudaí a tharlóidh/ a d’fhéadfadh tarlú amach anseo


5. Úsáid an dá chruach chun an léaráid ar Imscúdú 19b a líonadh – cibé ar an gclár nó ar an mbileog
gníomhaíochta, ag deighilt imeachtaí reatha agus imeachtaí amach anseo mar atá léirithe i:

  • Cad atá ag tarlú?
  • Cad ba mhaith linn tarlú?
  • Cad is dócha a tharlóidh?


6. Plé: Cad ba mhaith linn tarlú agus cad iad na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh sa scoil chun oibriú i dtreo na todhchaí sin