Príomhcheist
Cad a tharlóidh do leibhéil na bhfarraigí má thosaíonn oighear an domhain ag leá?
Imlíne
Bainfidh na leanaí úsáid as trealamh simplí agus as breathnú chun imscrúdú a dhéanamh ar oighear ag leá in dhá chás éagsúil. Cuideoidh na turgnaimh seo leis na leanaí tuiscint a fháil ar cad a tharlódh do leibhéil na farraige má thosaíonn oighear an domhain (buan) ag leá nó cuideoidh sé leo samhail a dhéanamh de.
Ullmhúchán
Bailigh an trealamh, mar a chuirtear síos air thíos faoi Acmhainní.
Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:
- díospóireacht a dhéanamh ar thuairimí éagsúla faoi cad a tharlóidh nuair a leáfaidh oighear na farraige agus a thuiscint go ndéanann eolaithe an rud céanna;
- a thuiscint go mb’fhéidir go leáfadh oighear (buan) mar gheall ar théamh domhanda; agus
- a thuiscint go bhféadfadh leibhéil na bhfarraigí ardú de bharr leá oighir.
Acmhainnín
- Bileog Gníomhaíochta
- ‘Cad a tharlaíonn nuair a leánn oighear san fharraige’ (Imscrúdú 17a)
- ‘Cad a tharlaíonn nuair a leánn oigir ar thalamh? ( Imscrúdú 17b)
- Ciúbanna oighir (sa reoiteoir nó i mbosca fuaraithe), uisce
- Eascraí trédhearcacha, dabhcha plaisteacha a bhfuil íochtair réidhe acu ar nós boscaí lóin nó cartáin uachtair reoite
- Rialóirí
- Plasticine nó Marla
- Cruinneog agus/nó atlais
|
|
Gníomhaíochtaí foghlama
Oighear ag leá san fharraige
1. Tabhair am do na daltaí smaoineamh ar na trí thuairim a bhí ag na leanaí sa bhileog gníomhaíochtaí ‘Cad a tharlaíonn nuair a leánn oighear san fharraige’ (Imscrúdú 17a)
- Cad a cheapann siad atá ceart?
- Cad a cheapann siad faoi smaointe na leanaí?
- An féidir leo smaoineamh ar aon chúis eile nár smaoinigh na leanaí seo orthu?
- Pléann na daltaí a gcuid smaointe agus déanann siad a gcuid tuairimí féin a thaifeadadh.
2. Tabhair am do na leanaí imscrúdú a phleanáil a chuideodh leo a fháil amach cad a tharlaíonn i ndáiríre. Mhol siad trealamh agus thug pictiúr cartúin leid mhaith dóibh maidir leis an gcineál imscrúdaithe a dhéanfadh siad.
Cnoc oighir ag leá, Patagonia, Meiriceá Theas
Cnoc oighir ag leá, Patagonia, Meiriceá Theas
Cinntigh go dtuigeann na daltaí go gcaithfidh siad an leibhéal uisce ag an tús a thomhas agus é a thomhas arís nuair a leánn na ciúbanna, mar chuid dá gcuid pleananna.
3. Déanann na leanaí an t-imscrúdú/(na himscrúduithe) a phleanáil siad, agus déanann siad a gcuid torthaí a thaifeadadh. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach am a thabhairt do ghrúpaí éagsúla a gcuid imscrúduithe agus a gcuid torthaí a chur i láthair, ó tharla go bhféadfadh go mbeadh difríochtaí eatarthu. D’fhéadfadh sé seo a bheith sa bhreis ar, nó in ionad aon taifid fhoirmiúil ar a gcuid torthaí. Mar sin féin, léireoidh sé dóibh go bhfuil fadhb an téimh dhomhanda níos casta ná mar a cheaptar.
4. B’fhéidir nach bhfuil aon chineál oighir pholaigh eile ar eolas ag na leanaí ach amháin an cineál a bhíonn ag snámh ‘cnoc oighir’ – tá sé seo fíor i gcás an Phoil Thuaidh (níl aon talamh faoi). Mar sin féin tá go leor réigiún fuar ar an bplainéad ina bhfuil an t-oighear ar an talamh den chuid is mó – an Pol Theas, an Ghraonlainn agus tíortha eile sa Chiorcal Artach, chomh maith le ceantair shléibhte. Ba chóir do na leanaí cuid de na háiteanna seo a fháil ar chruinneog nó in atlas roimh an gcéad imscrúdú eile.