Oighear ag leá san fharraige
1. Bíonn oighear ar roinnt limistéar talún ar feadh na bliana. Arís is féidir leis na leanaí na limistéir seo a fháil ar chruinneoga – ach d’fhéadfadh athrú a theacht air sin mar gheall ar théamh domhanda.
2. Tabhair amach an bhileog imscrúdaithe 17b ‘Cad a tharlaíonn nuair a leánn oigir ar talamh’ do na daltaí. Tá gach grúpa chun ‘mionlimistéar’ talún (sléibhte) a chruthú agus feicfidh siad an tionchar a bhíonn ann do leibhéil na farraige nuair a leánn oighear ar an talamh. Is samhail í seo ar scála beag faoi cad a d’fhéadfadh tarlú má leánn an t-oighear buan ar an talamh mar gheall ar théamh domhanda.
3. Oibríonn na leanaí i ngrúpaí chun an turgnamh a dhéanamh mar atá leagtha amach sa bhileog gníomhaíochta. Ba chóir na leanaí a spreagadh chun féachaint go cúramach ar an oighear ag leá agus aird a thabhairt ar an uisce a tháirgtear. Ba chóir go bhfeicfeadh gach grúpa go n-ardaíonn leibhéal an uisce (farraige).
Nóta: Beidh sé níos éasca an t-athrú seo a fheiceáil má bhíonn an méid uisce a chuirtear sa dabhach ar dtús réasúnta beag agus má bhíonn an méid oighir a chuirtear isteach ag an tús réasúnta mór.
4. Pléann na daltaí a gcuid torthaí mar rang. Áirítear ar cheisteanna oiriúnacha:
- Cad a tharla do leibhéal an uisce sa dabhach de réir mar a bhí an t-oighear ag leá?
- An athróidh an t-oighear atá ag leá ar an talamh leibhéil na farraige?
- Cén tionchar a bheadh aige seo ar thír ar nós Éire?
- Cad a tharlódh dá mbeadh tú i do chónaí in aice le farraige/cósta?
5. Ag an bpointe seo bheadh sé tábhachtach a chur in iúl do na daltaí go bhfuil sé ar a gcumas athruithe (beaga) a dhéanamh ina saol féin chun úsáid agus diomailt funnimh a laghdú, agus dá bhrí sin gur féidir leo tionchar a bheith acu ar théamh domhanda a laghdú.
Nótaí
• Cinntigh go bhfuil na leanaí ar an eolas gur féidir leo tuairimí éagsúla a bheith acu, ach iad a bheith ina gcúiseanna ciallmhara – ar ndóigh, ní i gcónaí a chomhaontaíonn eolaithe!
• Más fearr leat, is féidir balúin oighir a úsáid in áit ciúbanna oighir. Tabharfaidh siad seo ‘meall’ níos mó oighir do gach grúpa le húsáid. Chun balún oighir a réiteach, ceangal balún cruinn ar bhuacaire agus líon é le huisce fuar go dtí go mbeidh sé thart ar 5-10cm i méid. Cuir snaidhm ar an mbalún. Cuir na balúin uisce ar thráidire agus déan iad a reo i reoiteoir mór. Beidh ar na daltaí ‘craiceann’ an bhalúin a ghearradh den mheall oighir do gach imscrúdú.