Cad í an todhchaí a d’fhéadfadh a bheith i ndán d’éirinn?
Príomhcheist
Conas is féidir linn dul i ngleic le hathrú aeráide?
Imlíne
Tugann an ghníomhaíocht seo deis do na leanaí smaoineamh ar an todhchaí a d’fhéadfadh a bheith rompu.
Ullmhúchán
Sa ghníomhaíocht seo bíonn ar na leanaí páipéir nuachtáin áitiúla a úsáid – iarr orthu iad a thabhairt isteach ón mbaile thar cúpla seachtaine.
Torthaí foghlama
Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí seo críochnaithe acu beidh na leanaí in ann:
- an todhchaí inár bpobal is dócha a bheidh ann, a d’fhéadfadh a bheith ann agus is mó a thaitneodh linn a bheadh ann a shamhlú;
- cur síos a dhéanamh ar na tionchair dhearfacha is féidir le daoine a imirt i bpobail áitiúla, náisiúnta agus domhanda; agus
- a aithint go bhfuil nithe ann a chuireann bac ar an todhchaí ba mhaith linn a bheith ann.
Abhainn na Tulchann, Baile Átha Cliath
Courtesy of Susan Pike
Abhainn na Tulchann, Baile Átha Cliath
Courtesy of Susan Pike
Acmhainní
- Bileoga acmhainní – ‘Lá i mBaile Átha Cliath 2040’ (Imscrúdú 19a) agus ‘Ag Samhlú na Todhchaí’ (Imscrúdú 19b)
- Páipéir nuachtáin áitiúla
- Cárta Acmhainne uimh. 6 - An Tulcha, Baile Átha Cliath
|
|
Gníomhaíochtaí foghlama
1. Léigh – ‘Lá i mBaile Átha Cliath 2040’ (Imscrúdú 19a).
- Déan plé ginearálta air.
- Cad iad na gnéithe de Bhaile Átha Cliath 2040 a bheadh go maith dá bpobal áitiúil féin?
- Cén sórt cuma a bheadh air i gcomparáid leis an bpictiúr den Tulcha inniu? (cárta acmhainne uimh.6)?
- Cad a chabhródh chun na nithe seo a bhaint amach?
2. Féach tríd na páipéir nuachtáin áitiúla a bhailigh na leanaí lena fháil amach cad iad na cineálacha
gníomhaíochtaí atá ag tarlú sa phobal. Gearr amach ceannlínte / grianghraif a thaispeánann na
gníomhaíochtaí seo.
3. Cuir isteach gníomhaíochtaí atá ag tarlú laistigh den scoil.
4. Sórtáil na píosaí ar fad in dhá chatagóir/chruach:
- Rudaí atá ag tarlú anois
- Rudaí a tharlóidh/ a d’fhéadfadh tarlú amach anseo
5. Úsáid an dá chruach chun an léaráid ar Imscúdú 19b a líonadh – cibé ar an gclár nó ar an mbileog
gníomhaíochta, ag deighilt imeachtaí reatha agus imeachtaí amach anseo mar atá léirithe i:
- Cad atá ag tarlú?
- Cad ba mhaith linn tarlú?
- Cad is dócha a tharlóidh?
6. Plé: Cad ba mhaith linn tarlú agus cad iad na gníomhaíochtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh sa scoil chun oibriú i dtreo na todhchaí sin