Foghlaim na Gaeilge IV

Focla Gramadaighe

Ar na chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, 1911, 11 leathanach.

Seo toradh ar chomhdháil a tionaladh 12ú Meitheamh 1909. Iarracht chun na téarmaí gramadaigh céanna a bheith in úsáid ag na Coláistí Gaeilge ar fad.
 

Sanas Gramadaig

Tomás Ua Nualláin

M.H. Gill & a mhac, teo., 1907, 41 leathanach

Foclóir Béarla-Gaeilge de théarmaí teicniúla a bhaineann le cúrsaí gramadaí. Insíonn an t-údar dúinn go bhfuil an chuid is mó de na téarmai ós cionn míle bliain d'aois. Deir sé nach bhfuil smaoineamh amháin ag an duine daonna nach féidir a chur in iúil i nGaeilge.

The Sounds of Irish

Shán Ó Cuiv do scriobh, Reamhrá le Osborn Bergin, Ph.D.

Brún agus Ó Nualláin Teor., B.Á.C. 1924. 90 leathanach.

Sa leabhar seo déantar cur síos ar an tábhacht a bhaineann leis an bhfoghraíocht, agus an Ghaeilge á foghlaim. Cuirtear béim ar fhuaimeanna na Gaeilge mar bhealach chun foghlaim na teangan a dhéanamh níos éasca. Chleacht na daltaí druil foghraíochta chun na fuaimeanna a fhoghlaim i gceart. Ba slí foghlama nua go leor a bhí i gceist anseo a bhí á chleachtadh i scoileanna na mór-roinne agus sa Bhreatain. Tá na ceachtanna sa leabhar seo scríofa ó thaobh fuaime de agus scríofa i ngnáth Ghaeilge ar mhaithe leis an scoláire.

Lane's English-Irish Dictionary

T. O'Neill Lane.

Sealy, Bryers and Walker. 1903, 581 leathanach.

Foclóir Béarla-Gaeilge a bhí feiliúnach do mhic léinn agus do fhoghlaimeoirí. Cuireadh i gcló é thart ar an am a raibh Connradh na Gaeilge gníomhach in athnuachan na Gaeilge agus cheap an t-údar go raibh sé in am a léithead do leabhar a chuir ar fáil don phobal.

The Old-Irish Glosses (Cuid a hAon)

at Wurzburg and Carlsruhe, part 1: The glosses and translation

Whitley Stokes, D.C.L. a chur eagar air.

Trubner & Co., Ludgate Hill, London, 1887, 352 leathanach.
 

Clann Tuireann

P.J.Craig.

Sealy, Bryers and Walker, Middle Abbey Street, Dublin. 91 leathanach.

Leabhar gramadaí léannta chomh maith le trí fhinscéal, Clann Tuireann, Clann Lir agus Clann Uisnigh.
 

Aistí ar Litridheacht Ghréigise is Laidne

An tAthair Pádraig Ua Duinnín, M.A., D. Litt. do scríobh.

Muinntir C.S. Ó Fallamhain, Teo. i gcomhar le hOifig an tSoláthair. 1929. 162 leathanach.

Úsáideadh an leabhar seo mar théacs sna meánscoileanna. Aistí simplí iad chun blaiseadh de litríocht na Gréigise agus Laidne a thabhairt do mhic léinn. Cé go raibh na téacsanna ársa seo ar fáil i mBéarla, cheap an tAthair Ua Duinnín go raibh an Ghaeilge níos cruinne mar theanga chun eolas a chur orthú. Triocha seacht aiste ar fad atá sa leabhar. Ina measc tá 'An Saoghal le linn Hóiméir', 'Cicero' agus 'Bhirgil'. Leabhar spéisiúil.


previousPrevious - Foghlaim na Gaeilge III
Next - Foghlaim na Gaeilge Vnext