Piaras Béaslaí

1881 go 1965

Rugadh é i Learphúl, sa mbliain 1881. B'as Ciarraí dá athair, agus b'as Caisleán Nua Thiar a mháthair. Fuair oideachas i Scoil na nÍosánach. D'aistrigh go Baile Átha Cliath i 1904. Bhí sé an-ghníomhach i gConradh na Gaeilge, agus bhí 'sna hÓglaigh'. Chaith tréimhse ina eagarthóir ar 'An Fáinne', agus 'An tÓglach'. Scríobh sé filíocht, gearrscéalta, úrscéal, drámaí, aistriúcháin, agus ba léirmheastóir é.


Mhol go ndéanfaí leasú ar bhunreacht Chonradh na Gaeilge, dul i dtreó an neamhspleáchais, Éire saor agus Gaelach, saor ó thionchair iasachta. D'éirigh Dubhghlas de hÍde as uachtaránacht an Chonradh i 1915, dá bharr seo. Ghlac páirt san Éirí Amach 1916, ag troid i Sraid an Rí. Bhí i bpriosún i Moinseó, 1916:  d'éalaigh as priosún Márta 1919. Athghabhadh trí mhí ina dhiaidh sin. Bhí i bpriosún i Strangeways, Manchúin, agus d'éalaigh as sin freisin.


Bhí ina Theachta Dala, Ciarraí Thoir, i Luimneach Thiar 1921 – - 23. Thaobhaigh leis an gConradh le Sasana, i 1921. Bhi i gceannas roinn cinsireachta an Airm le linn an Chogadh Cathartha. Thug turas poiblíochta ar Mheiriceá, 1922. D'éirigh as an Arm i 1923/24, agus fuair sé coimisiún ó Sheán Ó Coileáin cuntas a scríobh ar a dheartháir Micheal Ó Coileáin.


As sin tháinig Michael Collins, 'The Making of the New Ireland', dhá imleabhar, 1926, a raibh P. S. Ó Héagéartaigh agus Risteárd Ó Maolchatha, agus daoine eile, chomh criticiúil faoí.
Bhain sé bonn óir le dráma Gaeilge 'Cluichí Tailteann', 1928.
D'aistrigh sé 'She Stoops To Conquer', le Goldsmith, go Gaeilge.


Cuid dá shaothar

Bealtaine 1916, agus dánta eile.
Astronar, urscéal, 1928.
Danar, dráma, 1929.
An Bhean Chrodha, 1931.
An Fear as Buenos Aires, 1936.
Cúigeachas, 1927.


previousPrevious - Na Scríbhneoirí
Next - Colm de Bhailísnext

Upload to this page

Upload to this page

Add your photos, text, videos, etc. to this page.

Map Search

Related Libraries

Galway County Library
Contact this library »

Content

Secondary Students




Popular Sections